Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh An Cód um Dhea-Iompraíocht Riaracháin Cuireann an Coimisiún Eorpach roimhe na luachanna seo a leanas a chur chun cinn: seirbhís, neamhspleáchas, freagracht, cuntasacht, éifeachtúlacht agus trédhearcacht. Léirítear na luachanna sin sa Chód um Dhea-Iompraíocht Riaracháin, a ghlac an Coimisiún an 13 Meán Fómhair 2000. Leis an gCód, cuirtear an pobal ar an eolas faoi na caighdeáin iompair lenar féidir leis a bheith ag súil agus é ag déileáil leis an gCoimisiún. Leagtar amach ann na prionsabail lena dtreoraítear iompar riaracháin sheirbhísí an Choimisiúin: Dlíthiúlacht Neamh-idirdhealú agus cóir chomhionann An chomhréireacht (ní mór na bearta a dhéantar a bheith i gcomhréir leis an aidhm atá á saothrú) Comhsheasmhacht. An Cód um Dhea-Iompraíocht Riaracháin Nós imeachta gearáin Má mheasann tú go bhfuil a Chód um Dhea-Iompraíocht Riaracháin sáraithe ag an gCoimisiún le linn dó a bheith ag freastal ar an bpobal, is féidir leat gearán a dhéanamh. Scrúdóidh an Coimisiún an gearán agus tabharfaidh sé freagra ort. Conas gearán a chur isteach Is féidir leat gearán a chur isteach tríd an bpost nó tríd an bhfoirm seo a líonadh isteach ar líne. Is féidir an fhoirm ghearáin a sheoladh go leictreonach nó i bhformáid páipéir. Más fearr leat leagan páipéir a sheoladh, ní mór duit an fhoirm a phriontáil amach i leagan RTF agus é a sheoladh chuig Ard-Rúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh. Cuirfidh siadsan ar aghaidh chuig roinn ábhartha an Choimisiúin í: Ard-Rúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh Aonad C.2 – Eitic, Dea-Riarachán agus Dea-Chaidreamh leis an Ombudsman Eorpach B-1049 Bruxelles/An Bhruiséil Belgique//An Bheilg Cé a bheidh ag plé le do ghearán Déanfaidh an Ard-Rúnaíocht nó an Roinn ábhartha anailís ar ábhar do ghearáin agus tabharfaidh sí freagra i scríbhinn ort laistigh de dhá mhí. Mura mbíonn tú sásta leis an bhfreagra sin, tá mí agat chun iarraidh ar Ardrúnaí an Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar thoradh do ghearáin, ag tosú ón dáta a fuair tú an freagra ón gCoimisiún ar do ghearán tosaigh. Freagróidh an tArd-Stiúrthóir an iarraidh ar athbhreithniú uait laistigh de mhí amháin. Bealaí eile chun gearán a chur isteach Is féidir leat gearán a chur díreach isteach chuig an Ombudsman Eorpach. Tá eolas praiticiúil faoi conas é sin a dhéanamh ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh